Search    Browse 

A Free Membership
Celtic Druids Newsletter

B Homestudy Course
Celtic Druids Ritual Ceremony

C Celtic Handfasting
Pagan Weddings for all

D Healing Seminars
Truth reshapes your reality

E Geostress Balancing
Home and Office

F Spirit Release
(Ghost Busting)

G Druidschool Lectures
Self-healing empowerment

H Psychic Readings
Tarot and Geomancy

I Healing (One on One)
Healing and Counselling

J Astro Natal Chart
Incarnational Potential

K Astro Transit Chart
Current Energy Flow

L Astro Love Charts
Compatibility for Couples

M Donations
You can help us in our work

N Druid's Calendar
Landscape Temple Map

O Five Roads to Tara
Gold Road identified

 

LIBRARY >> STORIES Tlachtga

Suite i nGaeltacht Ráth Cairn i gCo. na Mí tá Cnoc Tlachtga. Tá an Cnoc ainmnithe i ndiaidh Bándia dárbh ainm Tlachtga, den tréibh Fir Bolg. Deirtear gur tháinig sí ón Oirthear. Ba iníon i le Mog Roith (Craifeach an rotha ná Dia an Rotha) agus Dron. Leirionn an rotha an ghrian, saolré na bliana agus na seisiúir a bhí an tábhachtach dár sinsear.Níl móran aithne ar an gCnoc inniú i gcomparáid le Teamhair na Rí, ach na millte bliain ó shin bhí sé chomh tábhachtach céanna. Ba anseo a lasfaidh an chéad tine chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile na Samhna, Féile na Marbh, ceann de na Féilte ba thábhachtaí sa bhliain Ceilteach.

Ag Féile na Samhna bhí ceiliúradh á dhéanamh ar dheireadh an bliain Ceilteach. Lasadh tine in onóir Dia na Tine, Donn sofheicthe ar Chnoc Thlachtga mar Mog Roith.Tá sé ráite sna sean leabhair go gcaithfeadh gach tine sa tir a bhéith muchta ar oíche Shamhna, an 31 Deireadh Fómhair agus nach bhféadfaí iad a lasadh arís ach ón Tine ar Thlachtga. Fiú ní raibh cead an tine ar Theamhair a lasadh ach ón tine ar Thlachtga, taispeánann sé sin cé chomh tábhachtach agus a bhí an suíomh seo. Ar oíche Shamhna dfhag na daoine na tinte lasta agus bia amuigh do na spioraid a chreid siad a tháinig ar chuairt an oíche sin. Deirtear sa bhéaloideas gurbh é an míniú atá le Tlachtga na Tlacht (Cré) agus Ga (Slea,) dá bhrí sin dféadfaidh a rá gur é an míniú atá le Tlachtga na Slea Cré. Ba Bandia Torthúlacht í Tlachtga a raibh a cultus lonnaithe ar an gCnoc, a laghdaigh an Eaglais Chaitliceach go Asarlaí nuair a scríobh na mannai na sean scéalta.

I scéal ón meán aois deirtear gur rinne 3 mhac Simon Magus eigniú uirthi agus go bhfuair sí bás ar an gCnoc ag breith a trí mhac Doirb, Cumma agus Muach. Deirtear freisin fhad is atá ainmneacha a macanna ar eolas ag muintir na hÉireann nach dtabharfaidh daoine díoltasach cuairt ar an Tír.Chruthaigh Tlachtga ina baile san oirthear an piléar cloch 'Cramhcaill' ó phíosa den Roth Ramach, rotha a chruthaigh a hathair. Mharódh an piléar seo aon duine a dhéanamh teagmháil leis, chaochadh sé aon duine a bhreathnodh air agus bhodhradh sé aon duine a chloiseadh é. Chruthaigh sí do Thrian an rotha agus an chloch i Forcathú. Thug sí na hábhair seo lei nuair a tháinig sí go hÉireann.Bhí go leor tobair beannaithe timpeall ar Thlachtga agus bhí siad ainmnithe i ndiaidh Naomhanna ach bhí tobar amháin ar an gCnoc nach raibh, sin Tobar na Draoíthe. Tá tobar fos ar an gCnoc, TobarChofaigh ach níl daoine cinnte an é seo Tobar na nDraoithe. Deirtear nach raibh cead críostaithe a bhaiste le huisce ó Tobar na nDraoithe mar go raibh sé chomh beannaithe sin do na Draoithe.

Thóg an Ard Rí páirt i searmanas bliantúil chun onóir a thabhairt don Talamh agus mar atá le feiceáil ón bhéarsa seo tháinig an t-uisce as an tobar ar Thlachtga. Iasc ón mBoinnFiafheoil ó LuibhneachFraoch ó Brí-LiethBíolar ó BhrosnaUisce ón Tobar ar ThlachtgaMilrad ó Uas.Tá sean mhainisteach, 'Teampall Chuimhneas' agus reilig ar Thlachtga. Tá scéal sa bheadoideas go bhfuil taibhse ag tabhairt aire don suíomh seo agus gur féidir é a fheiceáil ag siúl timpeall teorann na reilige ar oícheanta áirithe. Le cupla bliain anuas tá níos mó suim faighte ag muintir an cheantair máguaird i stair Thlachtga agus ar an 31 Deireadh Fómhair bíonn ceiliúradh ar an gCnoc a eagraíonn Cumann Oidhreachta Áth Buí. Bíonn an tine a lastar ar Thlachtga le feicéail arís ar Chnoc Theamhair mar a tharla na millte bliain ó shin.

Cnoc/Hill Bándia/Goddess
Oirthear/East Craifeach/Devotee
Torthúlacht/Fertility Asarlaí/Sorcerer
Aithne/recognition Comparáid/comparision
Teamhair na Rí/Tara Tábhachtach/important
ceiliúradh/celebrate Féile na Marbh/Feast of the Dead
mbealoideas/mythology Tlacht/Earth
Ga/Ray Cultus/Cult
Draoí/Druidmeán Mannai/Monks
aois/mediaeval Eigniú/rape
bás/death Breith/birth
trí mhac/3 sons Slea Cré/Earth spear
Fiafheoil/venison Fraoch/Heather
Boiler/Cress Ceiliúradh/celebration
reilig/graveyard Oidhreacht/Heritage
sofheicthe/manifesting

Máirín Ní Churraoin
Tearmannbhride@hotmail.com
Nollaig 2002
 

Copyright (c) Druidschool.com 2008. All rights Reserved